Ineacs

Ar ais

An Seanduine

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Comhairle a fuaireasa amuigh ar an mbĂłthar
Ă“ rĂłgaire sagairt an seanduine a phĂłsadh
Ach ba chuma leis siúd ach go méadóinn a phóca
Is go mbeinn fad a mhairfinn ag brath ar na comharsainn

Curfá
Ă“ dheara 'sheanduine, leatsa nĂ­ gheobhadsa
Ă“ dheara 'sheanduine, loscadh is dĂł ort
Ă“ dheara 'sheanduine, leatsa nĂ­ gheobhadsa
Is dá mbeinnse i mbéal dorais ná beirimse beo ort

Chuasa go Corcaigh ag triall ar ghléas tórraimh
Píopaí tobac agus cláracha comhrann
Ar mo theacht dom abhaile go tinn tuirseach brĂłnach
Cá bhfaighinnse mo 'sheanduine ach ag róstadh muicfheola

Dá bhfaighinnse mo 'sheanduine báite i bpoll móna e
A chosa bheith briste is a chnámha a bheith leonta
Do thabharfainn abhaile é is do dhéanfainn é a thórramh
Is do shiĂşllĂłinn amach leis na buachaillĂ­ Ăłga

Má phósainn tú an seanduine, pósfaidh tú claidhaire
Fágfaidh sé a bhalcaisí romhat ar a staighre
A déanamh ar maidean beidh sé ag cnáimhseáil le claidhreacht
Is siar sa tráthnóna beidh ag seimint go meidhreach

Phósas an seanduine, is orm bhí díchéille
Dheineas an méid sin ar chomhairle mo ghaolta
Chuas abhaile leis faraoir an scéal sin
Is déiríos ar maidin is bfhearr liom an t-éag liom

Ă“ dheara 'sheanduine, leatsa nĂ­ gheobhadsa
Ă“ dheara 'sheanduine, loscadh is dĂł ort
Ă“ dheara 'sheanduine, leatsa nĂ­ gheobhadsa
Is cúpla Domhnach a chuirfidh fén bhfód thú


macsuibhne.com/amhran/