Ineacs

Ar ais

Ceol A'Phíobaire

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

phósann an siostalóir, is a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh do thachtadh le barrach na tíre
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh 'do shuí go mbeidh an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag sciobadh an lín
Mile b'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó

phósann an fíodóir, is a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Beidh cead luig laig ag an úim a scaoileadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh 'do shuí go mbeidh an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag crónan fán íneadh
Mile b'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó

phósann an tailliúr, is a bheas ag caoineadh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Beidh sop i mbéal an dorais, mar bheadh madadh ar charnán aoiligh
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó
Ó, beidh 'do shuí go mbeidh an meán oíche
Ag síordhó na gcoinneal is ag creimneáil na bpíosaí
Mile b'fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
A mhuirnín dílis 'fhaoilí ó


macsuibhne.com/amhran/