Ineacs

Ar ais

Neansaí, mhile grá

YouTube -=- Google -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

1. A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall ' gan smál.
Go bhfeice mise'n t-ádh 'gus an séan ort.
Ba ghile do dhá láimh cúr geal na trá
'n eala 's í a' snámh ar an Éirne.

Is glaise liom do shúil braon beag den drúcht
Is binne liomsa na téadaí
'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh i lionn dubh
'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh .

2. Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird
Abhus agus taobh thall den Éirne
Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaigh
' Neansaí 'thug bua ar a' méid sin

A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol
mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.

3. Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach
Is aithris di gur buartha atá
Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
Le harraing atá trí mo thaobh deas

Aithris é súil, aithris é cúl
Aithris é méin mhaith chéillí
Aithris é ceann 's béilín atá binn
Gur ghiorraigh go cinnte mo laetha'


macsuibhne.com/amhran/