Ineacs

Ar ais

An Poc ar Buile

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Ag gabháil dom sior chun Droichead Mhóradha
Píce im dhóid 's ag dul i meithil
casfaí orm i gcuma ceoidh
Ach pocán crón is é ar buile...

curfá

Ailliliú, puilliliú, ailliliú an puc ar buile!
Ailliliú, puilliliú, ailliliú an puc ar buile!

Do ritheamar trasna trí ruillógach,
Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge,
Is treascairt do bhfuair sna turtóga
Chuas ina ainneoin ina dhrom le fuinneamh...

curfá

Níor fhág carraig go raibh scót ann
gur rith le fórsa chun a mhilleadh,
S'Ansan sea do cháith an léim ba mhó.
Le fána mhór na Faille Bríce...

curfá

Bhí garda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsa chun sinn a chlipeadh
Do bhuail rop adhairc sa tóin ann
S' bhríste nua do dhein giobail...

curfá

I nDaingean Chúis le haghaidh an tráthnóna
Bhí an sagart paróiste amach 'nár gcoinnibh
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba Dhóigh leis
A ghaibh an treo ar phocán buile...

curfá


macsuibhne.com/amhran/