Ineacs

Ar ais

Thíos Cois na Trá Domh

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Ag siúl cois na trá domh i ndoimhneacht na hoíche,
An saol mór na gcodladh agus mise liom féin,
Na héanacha mara ag scairtigh go léanmhar,
Cosúil le hanamnacha bochta i bpéin.

Thíos fán chladach tá na bádaí ar feistiú,
Ar snámh mar bheadh ealaí ar bharr na dtonn,
An t-uisce ag slioparnaigh thart fána dtaobhann',
'S iad ag bogadh sa chiúnas anall a's anonn.

Iomlán gealaí agus iomlán rabhartá,
Aoibhneas a's ciúnas a's áilleacht sa domhan,
Crónán na farraige 'dul siar i mo chluasa,
A's bogcheol an uisce ag sileadh san abhainn.

Istigh ar na hinseáin tá seanreilig bheannaithe,
An áit ar mhair naoimh insan aimsir fadó,
Tá daoine istigh ann a chaith seal go haerach,
Ach ní shiúlfaidh siad thart fá na cladaigh níos mó.

Bhuail uaigneas m'intinn 's mé ag amharc ar an reilig,
Mé ag meabhrú ar dhaoine a bhí istigh ina luí,
Fir a's mná óga, seandaoine a's páistí,
Muintir mo mhuintir agus cairde mo chroí.

Tá na coiligh ag glaoch 's tá na réalta a' bánú,
Tá an ghealach ina luí agus ní fada go lá,
Slán agat anois a sheanreilig bheannaithe,
Agus ag na daoine a shiúladh liom thart cois na trá.


macsuibhne.com/amhran/