Ineacs

Ar ais

Thíos i Lár an Ghleanna

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Thíos i lár an ghleanna, tráthnóna beag aréir
Agus a' drúcht 'na dheora geala 'na luí ar bharr an fhéir,
'Sea casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis 'gus pearsa,
'Sí a sheol mo stuaim 'un seachráin, tráthnóna beag aréir.

Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín 'gabháil síos an gleann aréir,
Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir,
Órú, a rún mo chléibh, nár mhilis ár súgradh croí 's nár ghairid,
Agus a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.

Do chiabhfholt fáinneach frasach, do mhalaí bhán', do dhéad,
Do chaolchoim álainn mhaiseach agus glórthaí caoin' do bhéil,
Do bhráid mar chlúmh na heala, do shúil mar réalt' na maidine
'Gus faraor gur dhual dúinn scaradh, tráthnóna beag aréir.

Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh 'gus labhairt le stór mo chléibh,
Nó dá bhfaighinnse buaidh ar an chinniúint, char mhiste liom fán tsaol,
Shiúlfainn leat fríd chanach, fríd mhéilte ar chiumhais na mara,
'Gus dúiche Dé dá gcaillfinn, go bpógfainnse do bhéal.


macsuibhne.com/amhran/