Ineacs

Ar ais

Sráid an Chlocháin Léith

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

An sin a d'fhág mise sráid a' Chlocháin Léith,
Bhí na 'bands of music' a' seinm in mo dhiaidh.
Bhí bóltaí ar mo chaoltaí 's an síon 'g dhul in m'aghaidh,
'S ag teacht mór Dhoire Locháin a d'ól mo sháith.

Ar maidin arna mharach teach na nGarda i mBealach Féich
Tháinig Parthalan Baoill is thug domh tréat,
'G dhul anonn ar Bhaile an droichid domh ba bhrónach bhí ,
Is ag príosún dubh Leifearr fuair deireadh achan scéil.

Tháinig a' chaoinbhean san oíche nuair bhí liom féin
Le mo shábháil ar abaraigh ar Bhotany Bay;
Tháinig arís gur phóg mo bhéal -
' codlaigh ar do ghnaithe, do scríbhinn bheag réidh.'

Nuair a théim seal a' cuartaíocht thart suas na haird,
Mícheál mo chomrádaí, é féin is Mac Comhaill;
Inis i gcois íseal do Niall Dhoimnic Óig
Go bhfuil mise gaibhte i bpríosún bhuarach na .

Beir scéala uaim go hÁrainn 'nsair Mháire Fhéilimidh Óig
Go hArd Pholl a' Mhadaigh áit a mbíonn an t-aos óg,
Inis do na cailíní a d'fhag faoi bhrón
Go mbeidh mise sa bhaile acu Féil' Pádraig 's ag ól.


macsuibhne.com/amhran/