Ineacs
Trasna na dTonnta
YouTube
-=- Google
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Traidisiúnta)
Curfá:
Trasna na dtonnta ' dul siar, ' dul siar!
Slán leis an uaigneas is slán leis an gcian!
Geal é mo chroí agus geal í an ghrian!
Geal bheith ag filleadh go hÉirinn!
Chonac mo dhóthain de thíortha i gcéin,
Ór agus airgead, saibhreas an tsaoil.
Éiríonn an croí 'nam le breacadh gach lae
'S mé 'g druidim le dúthaigh mo mhuintir' agus...
Muintir an iarthair 's iad cairde mo chroí;
Fáilte 'gus fiche beidh romham ar gach taobh;
Ar fhágaint an tsaoil seo 'sé guím ar an rí:
Gur leosan a shínfear i gcré mé agus...
macsuibhne.com/amhran/