Ineacs

Ar ais

Seachrán Chearbhaill

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(le Cearbhall Ó Dálaigh)

Amhrán
Muise breá a ndeachaigh muid ag breathnú ar an ríogan mhná
B'iúd í ainnirín na maille-rosc is na míngeal breá;
Bhí a grua thrí lasadh léi mar bhreacann an t-aol mar bhláth;
Is a seang-chom ealaí le go searcfainn léi gach síorlinn ann.

siúd aici dar Peadar más fíor le
Rós-bhéilín meala le caiseal is le caoingheal cnáimh;
A modh-chom cailce taobh-shneachta a chuir na mílte chun báis,
Théis dhúinn í 'fheiceáil sea bhreathnaigh muid an seo a .

Seachrán
' an a bhreathnaíos féin ansiúd, mar a smaoiním mo bhriathra is mar a bhearraim mo mheanma: dtugainnse an tsaint sin de ghrá seirc síor-ghrinn go ndéanfaí braon báis mion amhail de mo chorp ainneoin mo chraicinn orm.

Amhrán
Muise ar arraingeacha agallta dhom pianta báis
Mar do mo stangadh ag an arraing ' 'gabháil thrí lár.
B'fhearr liom seal fada 'bheinn ag breathnú ar a mínchnis breá
bheith á bréagadh go maidin gur baoisiúil dom, a léithéide '.

Seachrán
Níor bhaoisiúla dhomsa a léithéide a d'Fhionn Mhac Cumhaill, Mhac Airt, Mhac Thréanmhóir Bhaoiscne, a chuaigh ag tomhais na léime binne brice bua a bhí ar an mBinn Éadain Mhic Éadghaoith, Mhic Amhlaidh, san áit a dtáinig an chéad long is an chéad laoch go hÉirinn ariamh.

Amhrán
Tabhair scéal uaim chuici agus aithris di nach taobh léi atáim,
Go bhfuil sin bean eile údan le fada do mo chloí le grá,
A bhfuil lán domhan doinne ins gach buinne dlaoi-fholt breá
an bhfuil sibh ina gcodladh an miste díbh m'fhorscéal 'fháil.

Seachrán
Ar seo 'gus ar siúd ' an forscéal a bhí ansiúd triúr bodachaí a bhí ag Cairbre Mhac Aoidh, a dhóigh a gcuid móna i dtús Geimhridh agus i ndeireadh Earraigh, gan aon mhaide coille a bheith acu. Chuadar ag iarraidh cead coille ar Chairbre. Thug sin dóibh. Chrochadar leo a dtrí tuannaí chúl-tanaí bhéal-ramhra. Dhearmadar an tapa, thugadar an -thapa leo, bhriseadar na giarsaí agus ligeadar na maidí rámha leis an sruth.

Amhrán
Ba í siúd ainnirín na mín chruth bán
Ag imirt an chluiche údan go hacmhainneach síos as láimh
Bhí pingin insa maide aici is dhá leithphingin eile anuas ar an gclár
Gan obadh ó aon chluiche ó oíche go n-éiríodh an
Mná na cruinne ar fad is bídís sin ar m'aon taobh an chláir,
Ba tusa féin mo thogha is mo roghain, más mian leat m'fháil.

Seachrán
Láimh m'athar is mo mháthar is maith an t-ádh nach mbím (Sise)

Amhrán
Bímse i m'easpag i gCaiseal is i gcianta cách;
Mar ar gach cleasaíocht go hacmhainneach sea bhím gach .
breá eile is gan agam ach mo phíce i mo láimh
Siar ó choir chathaithe ag caitheamh ó! mo dhíslí ar clár.

Seachrán
Ba bheag an fáth a bhí dhomsa an dís údan a chatheamh, murach a olc 's 'imrím an bua. Bua ar sheasair tucar tacar táipléis óir. rabhas fhéin is an rósbhéalach ag imirt cluiche fón eang rua, bhí triúr ar chaladh, triúr ar dhoras. Tháinig treall dhona thubaisteach de mhuintir an isteach. Dúirt an doras a dhúnadh. D'imir beart an cleas i m'aghaidh. mbeinn ansin go brách is iarrfainn maide.

Amhrán
Is go droim átha na tubaiste sea casadh mise i dtír gan snámh,
Fear na tuaighe giorra nach seinneann ó de chum-dheas dán
D'ionsaigh dís eile an tSionainn thrí Luimneach siar le fán
Is nach trua-ghéar sin duine a bheith in eileatram a bhí inné beo slán.

Seachrán
Hibill-heabaill, giorrán capaill, easpag ceannann agus call air.

Amhrán
Bímse beag eile a mbíonn mallacht ó gach pápa i mo dhiaidh
Faoi mo bhean agus mo leanbh is mo bhanaltra 'bheith in ann a gcliar.
Dheamhan sin gort socair nach i bhfogas dhó móinín fraoigh
Is dheamhan sin loch ar bith gan abhainn a bheith 'gabháil uaithi síos.
an reithe seo ina shodar is níl aon chónaí faoi
Is minic a tháinig sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd.


macsuibhne.com/amhran/