Ineacs
Sadhbh Ní Bhruinnealla
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- Yahoo
-=- TheSession.org
()
Ní iarrfainn de spré le Sadhbh Ní Bhruinnealla
ach Baile Inis Gé is cead éalú ar choinníní.
Curfá:
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla,
A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.
Fear maith i mbád mé togha fear iomraimh
Fear sluaisid' is láí ar dhá cheann an iomaire.
Curfá
Máistir báid mhóir mé a' gabháil ród na Gaillimhe
D'fhliuchfainn naoi bhfód is ní thóigfinn aon fharraige.
Curfá
Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfad,
Nuair a fhaigheann siad an chóir 'sé is dóichí nach bhfanann siad.
Curfá
Mhionnóinn naoi n-uaire ar leabhar mór an Bhairéadaigh
Nach scarfainn go deo le Sadhbh Ní Bhruinnealla.
Curfá
Níl falach i gcabhail ar Shadhbh Ní Bhruinnealla,
Ach seanchóitín donn gan cabhail gan muinchille.
Curfá
Nuair a théimse 'un an chomhra ag comhaireamh an airgid
Bíonn an iníon is an bhean is iad caillte le gean orm.
Curfá
Nuair a thiocfas lá breá 'gus an ghaoth ón bhfarraige
Tabharfaidh mé Sadhbh liom go céibh na Gaillimhe.
Óra a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinnealla,
A chuisle is a stóirín, ba rí-mhaith dhuit mise agat!
macsuibhne.com/amhran/