Ineacs

Ar ais

Peigín 's Peadar

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(A Pheigín Mo Chroí)

"A Pheigín na gcarad 's a Pheigín mo chroí,
an fear fada údan sínte leat síos?"

Curfá:
Ó a , a mhaithín ó, ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.

"A Pheadair na gcarad 's a Pheadair mo chroí,
Sin é do leanbh nach bhfaca riamh."

Curfá

"Muise shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar,
Ach féasóg ar leanbh fhaca riamh!"

Curfá

"Muise a Pheadair na gcarad 's a Pheadair mo chroí,
scór bliain caite ó d'fhág mo thí."

Curfá

"A Pheigín na gcarad 's a pheigín mo chroí,
Éirigh i do sheasamh 'gus réitigh greim bídh."

Curfá

"Ach a Pheadair na gcarad 's a Pheadair mo chroí,
Níl ins an teach agam greim mine buí."

Curfá

"'S a Pheigín na gcarad 's a pheigín mo chroí,
In íochtar mo mhála cáca mine buí."

an cáca seo a'at lán de ghineachaí buí."

Curfá

"'S a Pheigín 's a mhaicín suífidh muid síos,
fhágfad an baile chúns mhairfeas arís."

macsuibhne.com/amhran/