Ineacs

Ar ais

Oró 'Sé Do Bheatha 'Bhaile

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(focail le Pádraig Mac Piarais)

Curfá:

Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile
Óró! 'Sé do bheatha 'bhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh

'Sé do bheatha a bhean ba léanmhar!
B'é ár gcreach tú bheith i ngéibhinn
Do dhúthaigh bhreá i seilbh meirleach
Is tú díolta leis na Galla

Curfá

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile
Óglaigh armtha léi mar gharda
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh
Is cuirfidh siad ruaig ar Ghalla

Curfá

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam
Muna mbeinn beo ina dhiaidh ach seachtain
Gráinne Mhaol is míle gaiscíoch
Ag fógairt fáin ar Ghalla


macsuibhne.com/amhran/