Ineacs

Ar ais

Ó Bhean a Tí, Cén Bhuairt Sin Ort?

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Ó éirigí suas a thogha na bhfear
A's cuirigí píce 'r bharr gach cleith
Leagaigí síos iad lucht an droch-chroí
Agus cuirigí dlí na Frainc' ar bun
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?

Curfá:

Is ó bhean a' tí fá dhó nó trí
Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach
Agus ó bhean a tí, nach suairc é sin?

Tá jug ar an mbórd is tá beoir ag teacht
Tá arm go leor ag an Duke of York
Tá 'n Francach 's an Spáinneach ar bhruach na trá
Agus b'fhearr liom go mór é ná comhrá ban
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?

Curfá

Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais
Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear
Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín
Gan airgead síos bí 'gabháil amach
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?

Curfá

Ó tharraing mé aníos mo phíosa glas
Nach mairg a bhíos gan é, mo chreach?
Do labhair sí arís go carthanach caoin
'S ó b'fhearr úd do shuíos faoin siams' ar fad
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?

Curfá

Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag
In aois mo dhá bhliain sular ar smaoiníos ar olc
Nach ndeachas ar bord nó in arm an Rí
Sular chaitheas mo shaol 'gabháil timpeall ort
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?

Curfá

Go mbristear mo dhroim faoin ualach seo
Má thigim arís 'cur buartha ort
'S a liacht bean óg as seo go hAbhainn Mhór
Do shiúlfadh an ród is d'ólfadh deoch
Agus ó bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?

Curfá


macsuibhne.com/amhran/