Ineacs

Ar ais

Ó Beir Mo Dhúthracht

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

(leis An Seabhac Pádraig Ó Siochfradha)

Ó beir mo dhúthracht go dúthaigh Dhuibhneach,
tír mo rúin í atá dlúth dom chroí-se,
Dúthaigh m'óige is fód mo shinsear,
Mo ghrá go deo í is a glóire draíochtúil.

Mo ghrá sléibhte is na néalta i n-airde,
Barr Chnoc Bhréanainn is gur naofa a cháil sin,
Binn Os Gaoith is na síonta á tnáthadh,
Is Dún Con Roí thoir do cloíodh le Bláthnaid.

Tabhair mo ghrá-sa do Shráid an Daingin,
Do Chuan Fionntrá is Cuan Aird na Caine,
Do Chom an Áir is Gleann álainn Gealt thoir,
Mo chumha go brách gan ar fán ina measc san.

B'aoibhinn domh-sa go hóg nuair a bhíos ann,
I mBaile an Ghóilín ar bhórd na taoid' ann,
Ag éisteacht ceolta um neoin sna coillte,
Aige loin is smóilín, a gcór dob aoibhinn.
Ar fhaithchí drúchta ag siúl gach maidin,
Ag caint is comhrá le comharsain chneasta,
Is luí fén bhfód ann dheoidh ina bhfara.


macsuibhne.com/amhran/