Ineacs

Ar ais

Neainsín Bhán

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- Yahoo -=- TheSession.org

()

Is a Neainsín Bhán 's ansa leat fear eile fhéin
Is a Neainsín a dtug taitneamh dhuit i dtosach ar mhná an tsaoil
Óra shíl go mba bhreáichte thú bean ar bith fón saol
Ach smid chainte raibh i gceann an nach molfadh leatsa .

Is an chéad d'Earrach tóigfidh talamh is beidh áras agam fhéin
'Gus séard a dúirt mo mhuintir liom nach bhfuil aon mhaith i mo scéal
Óra níl ach togha ar ógmhná an domhain is beidh mo roghain díobh agam féin
as a cuid a maoin a molfar í ach as a cáilíocht agus a dea-méin.

Is a' tigheacht don Nollaig nach dona í m'obair a bheith 'síorchur insa gcré
Mar a bheadh seabhacán ar bharr sceiche ar bharr glas na craobh
Ach mo mhallacht go deo anois a thabharfainnse d'aon fhear beo fón saol
a thóigfeadh orm a bheith cogarnach le stóirín geal mo chléibh.

Is mbeadh tosaí ar mo bhróga a'm 'gus cóir mhaith 'bheith ar na boinn
Nach ngabhfainnse 'chuile Dhomhnach san áit a mbíonn an spraoi
Mar thóigfeadh an t-aos óg orm gach cor gcuirfinn díom
Is mbeadh mo stór ar cheann an stóil níorbh fhada liomsa an oíche.

'S théann 'un an aonaigh beir an chaora leat is a huan
théann a' déanamh tíobhais bíodh do mhian agat ar dtús
Óra bíodh maorga macánta is í molta as a cliú
barr maoine a thabharfas 'un tíobhais thú is mealltar le straoill thú.

Is a théagairín féidir dhuit gan duine eicínteacht fháil
a nífeas do chuid éadaigh dhuit agus 'fhuinfeas do chuid aráin
Ach a phéarla ' breá gléigeal de chích, de chois is de láimh
' mo léan gan faoi shléibhte leat is cead éada ag feara Fáil.


macsuibhne.com/amhran/