Ineacs

Foclóir

Inis Dhún Rámha

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

A Rí na Cruinne! gan mé 's tú i n-Iorras,
Nó thiar in Inis Dhún Rámha,
Ar bhruach na Finne le taobh na toinne,
A' féachaint loingis thar sáile!
Dá mhéad ár dtuirse 's gan aon neach againn,
Ach géag an duilliúir ár sábháil,
'S é déarfeadh gach duine gur lách ár n-imeacht,
Mar d'éalaigh Diarmuid le Gráinne.

Aréir go bhfaca mé féin in m'aisling,
Mar bheadh sí ar bhácan mo láimhe,
An spéirbhean mhaiseach mar aon bhrat sneachta,
Dá mbíodh gar coscairt a dhéanamh,
Taobh na macnaí da mbíodh in m'aice,
Mar chéile leapa gan airnéis,
'Sé 'béilín meala a leigheasfadh mo ghalar,
'S a bhéarfadh mo cholann 'un sláinte

Dá mbeinn 'mo bharún ní dhéanfainn dabhar,
Ar spré bó, capall nó caorach,
Dá bhfaighainnse 'n ainnir 'na suí le m'aice,
Nó í 'na seasamh go haerach,
Tá gné ar a craiceann mil' uair níos taithmhí,
Ná éirí maiseach na gréine,
'S ní bréag a chanaim ach 's fíor a n-abraim,
Gurab í ' thug mais' ar gach maighdean.


macsuibhne.com/amhran/