Ineacs

Foclir

Caitlín Tiriall

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna 1690-1756)

Ó tá an oíche seo ag sioc agus tá sí fuar,
Agus d'éalaigh mo ghrása le fear eile uaim,
A ghrua dheas lasta is a bhéilín bhinn,
Is a Chití a stór, tá mé breoite tinn.

Is í Cití a mhearaigh is a bhreoigh mo chiall,
Is a d'fhág mé ag osnaí' go mór 'na diaidh,
Is é monuar go bhfuair mise léann ariamh,
Nuair a léigh mé do litirse, a Chaitlín Tiriall.

Níl toint' ar mo bhrollach nár lig mé le gaoth,
Is má fhágaim an baile ní phillfidh mé choich',
Tháinig lionndubh ar m'aigne agus d'athraigh mo chiall,
Is nach trom sin ar d'anamsa, a Chaitlín Tiriall.

Ó gheall tusa domhsa agus gheall tú fá dhó,
Nach ndéanfá mo mhalairt anois ná go deo,
Ná go bhfaca mé tusa is an fear údaí ag ól,
Is tú i gcúl an tom dreasóig' is mug leanna in do dhorn.

Níl bó is níl gamhain is níl caoire amháin,
Ó bhruach Loch Oirgheall go malaidh an tsléibh' bháin,
Nach dtabharfainn do Chití ar an aon phóig amháin,
Is nach í a leigheasfadh an arraing tá frid mo lár.

Ó shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar,
Sligeach na long agus cé Bhaile Átha Cliath,
Macasamhail mo chailín ní fhaca mé ariamh,
Nó go dtáinig mé 'na bhaile ionsar Chaitlín Tiriall.

Is nach mé an fear mallaithe tá i ngrá le bhliain
Is go mb'fhearr liom bean agam ná a bhfaca mé ariamh
Ó fuigfidh mé na hAspail is an Eaglais uaim siar
Agus leanfaidh mé go héag tú, a Chaitlín Tiriall.


macsuibhne.com/amhran/