Ineacs

Foclóir

Cad É Sin Do'n Té Sin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad dé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó

Má théim 'na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró
A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó
Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só
Ó cad dé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó

Má théimse chuig airnéal is rince is spórt
Chuig aonach is rásaí 's gach cruinniú den tsórt
Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo
Ó cad dé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó

Deir daoine go bhfuil mé gan rath 's gan dóigh
Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór
Má tá mise sásta mó chónaí i gcró
Ó cad dé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó

Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór
Ó cad dé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó
Nach mbaineann sin dó...srl.


macsuibhne.com/amhran/