Ineacs

Foclóir

Faillte an Dúinín

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Pádraig Ua Maoileoin)

Ó, bhí mé sa bhFrainc agus bhí mé sa tSín,
I gcathair mhór Londain agus taobh le gach toínn;
Ar shléibhte Piréine lá gréine do bhíos,
Ach níl breith ag aon áit acu 'r fhaillt' an Dúinín.

Nár bhreá a bheith ann is an samhradh go hard,
Na milleanna gabhar ann 's gach togha eile bláth;
Tá an fiolar 's an creabhar ann, an seabhach 's an t-éan buí
Ag bailiú dá gclann bheag ar fhaillt' an Dúinín.

Ó, breathnaigh ó dheas uait thar chnoc is thar shliabh
Ar na machairí breátha a shíneann uait siar;
Tá bailte Chill Chaoi is Choill Rois ann faoi dhraíocht
Le feiceáil go maorga ó fhaillt' an Dúinín.

Ó, slán leat, a Dhúinín! Ó, slán leat go fóill,
Is le muintir na fáilte 'táim a fhágaint im' dheoidh,
Leis na srutha 's na cluainte go buacach mar a mbím
Ar na hardshleasa muara thart ar fhaillt' an Dúinín.


macsuibhne.com/amhran/