Ineacs

Foclóir

An Buachaillín Bán

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

Tá mó chroíse go tsláth lag 's i lár mo chuid saothair
Tagann lán tocht im chléibhse cé nár mhéin liom á rá
Tá an díbirt i ndán dom ó bháin bheannaibh Éireann
Is fánach mo shaolsa 's is déarach mo chás
Is cuimhin liom an tráth úd mo ghrá ghil na n-ae istigh
Thugas grá searc is géilleadh do d'chaomh roisc thar chách
A Rí ghil na n-árann do b'fhearr liom go n-éagfainn
I láthair mo ghaolta is mo bhuachaillín bán

Tá críoch Inis Failbhe go lán fad' i ndaor bhroid
Go cráite 's go céasta i ngéibhinn na namhad
Nó an fíor nach foláir duit go brách bheith go déarach
A oileáinín bhig mhaorga na naomh is na mbard
Ó guímse go hard ar an Ard Athair Naofa
Chun ár agus léir-scrios do dhéanamh ar Sheán
Do dhíbir na táinte thar sáile 'na gcéadta
Is chuir fán orm féinig ó mo bhuachaillín bán


macsuibhne.com/amhran/