Ineacs

Foclóir

Mo Chara Buan - My Forever Friend

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Amantaí bíonn cuidiú éigin uainn uilig,
Níl seasamh aonair buan;
An seanduine, an duine óg, an páiste beag
Nó rí 'na shuí faoi chumhacht.
Níl éinne beo a éalaíonn,
Táimid uilig mar aon;
Santaíonn gach neach cara cléibh,
Tá cara agam féin.

'Sé sin mo chara buan,
Ó seo go lá an Luain,
Ón oíche dhubh go bun an tuar cheatha,
'Sé sin mo chara buan.

Fiú má thréigim é bíonn sé ag cuidiú liom,
Mar tá a ghrá go buan.
Fiú is mé ag éalú uaidh bíonn sé liom
Le gach aon anáil uaim.
Amantaí ní smaoiním air,
Imíonn an snas dem luan,
Amantaí ní dílis mé,
'S fós ní 'míonn sé uaim.

Muna dtuigeann tú cé 'tá i gceist agam,
Ba chóir duit ceist a chur;
Blianta fad' ó shin in airde ar an gcrois
D'fhulaing sé go mór.
Más mian leat bualadh leis, ar ndóigh,
Is muna fios cén chaoi,
Iarr air teacht isteach id' chroí
Is beidh sé leat a-choích'.


macsuibhne.com/amhran/