Ineacs
Mo ghille mear - Bímse buan ar buairt gach ló
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Seán Clárach Mac Domhnaill}
Bímse buan ar buairt gach ló,
ag caoi go crua 's ag tuar na ndeor,
mar scaoileadh uainn an buachaill beo
's ná ríomhthar tuairisc uaidh, mo bhrón!
Curfá: Is é mo laoch, mo ghille mear,
is é mo Shaesar, gille mear;
ní bhfuaireas féin aon tsuan ar séan
ó chuaigh i gcéin mo ghille mear.
Ní haoibhinn cuach ba suairc ar neoin,
táid fíorchoin uaisle ar uatha spóirt,
táid saoithe 's suadha i mbuairt 's i mbrón
ó scaoileadh uainn an buachaill beo.
Níor éirigh Phoebus féin ar cóir,
ar chaomhchneas ré tá daolbhrat bróin,
tá saobha ar spéir is spéirling mhór
chun sléibhe i gcéin mar d'éala' an leon.
Níl séis go suairc ar chruachruit cheoil,
tá an éigse i ngruaim gan uaim 'na mbeol,
táid béithe buan ar buairt gach ló
ó théarnaigh uainn an buachaill beo.
macsuibhne.com/amhran/