Ineacs
A Mhuintir na hÉireann
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Diarmaid Ó Tuama)
Ó, a mhuintir na hÉireann, mo náire sibh uile go léir!
Agus teanga bhinn aoibhinn ár sinsear a shatailt sa chré;
Níl polaiteoir fágtha ar fiú leis í 'chosaint, mo léan!
Ó, a mhuintir na hÉireann, mo náire sibh uile go léir!
Bhí lá ann fadó nuair a chuirimis locht ar an nGall
Ar Theitheadh na nIarlaí, ar phlandáil na tíre 's ar feall,
Ar ghorta, ar léirscrios, ar ghangaid, ar ghó is ar bhreall
Ó, a mhuintir na hÉireann, is trua liom gur sibhse 'tá dall.
Cad a déarfadh Mac Piarais, de hÍde, Ó hUid nó Mac Néill!
An ndéanfaidís ionadh den athrú 'tá tagtha ar Ghaeil?
An mbeidís-sean buíoch dínn as léirscrios ar obair a saoil?
Ó, a Thiarna, déan trócaire orainn is saor sinn ó bhaol!
Óh, Westminster Lawns, Chelsea Road, Hainault Drive, Nutley Grove,
The Gallups, The Paddocks, Shrewsbury Lawn, Wesley Close,
Ailesbury Road, Leopardstown Heights, Torquay Road
Ó, a leithéid de chac, leaids, níor chuala mé riamh le mo bheo.
macsuibhne.com/amhran/