Ineacs
Bain na Slabhraí
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Diarmaid Ó Tuama)
Bain na slabhraí dem' chroí is tabhair dom scíth;
Tánn tú fuar is do ghrá-sa, tá gan bhrí.
Tánn tú imithe le gaoith
'S tá mé cloíte i ngach slí
Bain na slabhraí dem' chroí is tabhair dom scíth.
Glan na deora dem' shúile 's tabhair dom caoi
Le go bhfeicfeadsa cuid den saol a bhí;
Má tá grá geal nua id' chroí
Tabhair dom bean go ngráfainn í
Bain na slabhraí dem' chroí is tabhair dom scíth.
Bíodh comhbhrón id' chroí dom' chás gan bhrí;
Tabhair dom cothrom na Féinne i ngach ní;
'S mura suim leat mé a-choích'
Tig leat scaoileadh liom le gaoth
Bain na slabhraí dem' chroí is tabhair dom scíth.
macsuibhne.com/amhran/