Ineacs
Na Gairdíní Sailí
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Diarmaid Ó Tuama
Ba thíos sna gairdíní sailí
A bhuaileas-sa le mo ghrá
A folt mar bhláth na heornan
Is a chos mar shneachta bán.
"Glac bog an grá," a dúirt sí liom
'S muid ag suí faoi scáth na gcrann;
Ach níor thugas-sa cead a cinn di
Mar do bhíos-sa dall im' cheann.
I bpáirc cois abhann do sheas muid,
Mé féin is mo chúileann bán;
Agus ar mo ghualainn chromtha
Do leag sí a láimhín tláith.
"Glac bog an saol," a dúirt sí liom
Is an féar ag fás cois abhann,
Ach níor thugas-sa cead a cinn di
Is anois tá mo chroí gan ghreann.
macsuibhne.com/amhran/