Ineacs
An Nollaig sin fadó
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Diarmaid Ó Tuama)
Fadó, fadó i mBeitheal bheag,
a deir an Briathar Beo,
Do Mhuire naofa rugadh mac
an Nollaig sin fadó.
Ceol na n-aingeal ar gach taobh,
rí nua ar an bhfód!
Is táimid slán ó rugadh é
an Nollaig sin fadó!
Ceol na n-aingeal ar gach taobh,
trumpaí ann go deo!
Is táimid slán ó rugadh é
an Nollaig sin fadó!
Do chonaic aoirí réalt sa spéir
a shoilsigh tríd an gceo,
Is chuala fuaim na n-aingeal fós
á mealladh lena gceol;
Muire 's Seosamh ar a dturas
do ráinig óstán mór,
Ní bhfuair siad áit don leanbh-bhreith,
is d'imigh leo faoi bhrón.
Ar deireadh thiar aimsíodh clúid
i stábla beag dearóíl,
'S i mainséar fuar gan teas gan só
a rugadh Mac na hÓigh'!
macsuibhne.com/amhran/