Ineacs

Foclir

Bán Chnoic Éireann Ó

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

( Donncha Rua Mac Conamara 1715-1810 [ https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1106 ])

[ https://mudcat.org/detail.cfm?messages__Message_ID=3856316 ]

lyrics in Irish [ http://waterfordireland.tripod.com/ban_chnoic_%E9ireann_%F3.htm ]

Beir beannacht óm chroí go tír na hEireann,
bán chnoic Éireann Ó;
chun a maireann do shíolradh Ír is Éibhir
ar bhán chnoic Éireann Ó;
an áit úd 'narbh aoibhinn binn-ghuth éan
mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael-
'se mo chás a bheith míle míle i gcéin
ó bhán chnoic Éireann Ó.

Bíonn barra bog slím ar chaoin-chnoic Éireann-
bán chnoic Éireann Ó;
's is fearra ná 'n tír seo díth gach sléibhe ann,
bán chnoic Éireann Ó;
dob árd a coillte 's ba dhíreach réidh,
's a mbláth mar aol ar mhaoilinn géag -
tá grá agem chroí im intinn féin
do bhán chnoic Éireann Ó.

Tá gasra líonmhar i dtír na hÉireann,
bán chnoic Éireann Ó;
is fearachoin ghroí na cloífeadh céadta
ar bhán chnoic Éireann Ó;
m'atuirse croí is mo cuimhne scéal,
iad a Galla-phoic síos fá ghreim, mo léan!
's a mbailte dá roinn fá chíos go daor,
ar bhán chnoic Éireann Ó.

Is fairsing 's is mór iad cruacha na hÉireann,
bán chnoic Éireann Ó;
a cuid meala 'gus uachtair ag gluaiseacht 'na slaoda
ar bhán chnoic Éireann Ó;
rachaidh mé ar cuairt nó is luath mo shaol
don talamh bheag shuairc sin is dual do Ghaeil
's go mb'fhearra liom ná duais dá uaisleacht é
bheith ar bhán chnoic Éireann Ó.

Scaipeann an drúcht ar gheamhar agus féar ann,
ar bhán chnoic Éireann Ó;
is tagaid sin úlla cumhra ar ghéag' ann,
ar bhán chnoic Éireann Ó;
biolar agus samhadh i ngleanntaibh ceo
's na srotha sa tSamhradh ag labhairt ar neoin
is uisce na Siúire ag brúcht 'na shló
ar bhán chnoic Éireann Ó

Is oscailte fáilteach an áit sin Éire,
bán chnoic Éireann Ó;
agus toradh na sláinte i mbarr na Déise
i mbán chnoic Éireann Ó
ba bhinne na méara ar théadaibh ceoil
seinnim agus géimneach a laogh 's a mbó,
agus taithneamh na gréine orthu, aosta 's óg,
ar bhán chnoic Éireann Ó.


macsuibhne.com/amhran/