Ineacs

Focloir

AN BHEAN CHAOINTE

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

( Ó dlúth diosca Pádraigín Ní Uallacháin - An Dara Craiceann - Beneath The Surface )

A Neilli bhán deas go mbeannai Dia dhuit
Go mbeannai an ghealach bhan ' s an ghrian duit
Go mbeannai na haingil ata i bhflaithis Dia dhuit
Mar a bheannaionn do mhathair bhocht a chaill a ciall duit

Oro d'oil me is d'fhulaing mise dhareag sa teach
Cuigear inion is seachtar mac
D'fhan me go bhfaca me ar achoinni pósta iad
Oro d'fhan me go bhfaca me faoi chlarthai curtha iad
Oro d'oil me is d'fhulaing mise dhareag leanbh
D'fhan me 'na ndiaidh lena ni 's lena nglanadh
D'fhan me 'na ndiaidh lena gcur faoi leacach'
'S a inion is mine mo mhile creathach
O eirigh a Eoghain agus muscail Roise
'S a Mhaire na gcumann bi tusa leofa
Deanfaidh Sile dheas an chónra a chóiriu
Agus cuirfidh muid Neilli bheag i ndiaidh an tórraimh

Ta an ghrian ag eiri 's ta na spearthai ag athrach
Ach ni codladh mo chodladh inniu na amaireach
Siulfaidh me an rod seo gan lui na gan leapa
Faoi mo Neilli bheag mingheal 'ta sinte faoi thalamh
Ta an ghrian 's an ghealach bhan aag triall faoi smuid
Ta realtai na maidin ag sileadh suil
Ta na spearthai in airde faoi chulaith chumhaidh
'S go bpillfidh tú aris ni luifidh an drúcht


macsuibhne.com/amhran/