Ineacs

Foclóir

Óblaidí! Óblada!

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Diarmaid Ó Tuama)

Deasún bhí ag obair áit an mhar-a-gaidh,
Malaí bhí ag canadh ' banna ceoil;
Deasún dúirt le Malaí: "S tú mo ghrá geal séimh!"
Is Malaí d'fhreagair é le póigín ar a bheol!

Curfá:
Óblaidí! Óblada! Sin an saol! Ó! Ó!
La, la, sin an saol go deo!
Óblaidí! Óblada! Sin an saol! Ó! Ó!
La, la, sin an saol go deo!
Th'éis cúpla bliain tá tigín beag acu,
Páistí a' súgradh insa chlós
Ag Deasún is Malaí Seoighe!

Deasún téann isteach sa siopa seodóra,
Ceannaíonn fáinne órga leathchoróin;
Tugann sé do Mhalaí é 's é lán de bhród,
Is nuair a fheiceann é 'sea thosaíonn sí ag ceol:

Deasún bíonn go sona áit an mhar-a-gaidh,
Páistí lena thaobh ó ló go ló;
Malaí bíonn sa bhaile 's í á gléasadh féin,
Is ins an oíche bíonn ag canadh ' banna ceoil.


macsuibhne.com/amhran/