Ineacs
Is Léanmhar an Scéal
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Pádraig Furlong)
Is léanmhar an scéal atá gan réiteach,
Faraor géar! Faraor géar!
Is i bprapadh na súl tá m'anam spréite
Ar do mhéirín, ar do mhéir.
An ag éalú atá tú gan fiú slán a rá?
An mbeidh rian ar bith díot fágtha i do dhéidh?
D'fhéadfainnse bheith níos fearr leat,
Níor mhian liom tú a chrá
Mar is fada fad óm aigne a leithéid.
Is iomaí cúis agat le bheith ag éalú,
Maith is eol dom, maith is eol;
Le rófhada tá na deacrachtaí ag méadú,
Fan go fóill liom, fan go fóíll.
Agus mé i mo luí maidin ghréine
Gan tú féin liom, gan tú féin,
Chuile amhrán i mo chroí lán de mhéala
Gan tú féin liom, gan tú féin.
macsuibhne.com/amhran/