Ineacs

Foclóir

Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Proinsias Ă“ Maonaigh)

Céad slán ag sléibhte maorga Chontae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Eireagal ard ina stua os cionn caor is coll;
Nuair a ghluais mise thart le Loch DhĂşn LĂşich' go ciĂşin sa ghleann ina luĂ­
I mo dhiaidh bhí gleanntáin ghlas' Ghaoth Dobhair, is beag nár bhris mo chroí.

Ag taisteal dom amach trĂ­ chnoic Ghleann Domhain 's an Mucais ar mo chĂşl
Ní miste dom ' rá le brón 's le crá gur frasach a shíl mise siúl;
Go Meiriceá siar a bhí mo thriall i bhfad thar an fharraige mhór;
D'fhág mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall is ag gleanntáin ghlas' Ghaoth Dobhair.

Slán! Slán go fóill, a Dhún na nGall, a chontae shéimh gan smál,
Is do d'fheara breáth' in am an ghá nár úmhlaigh riamh roimh Ghall;
Tá áit i mo chroí do gach fear is gach mnaoi is gach páiste beag agus mór
Atá beo go buan gan bhuairt gan ghruaim fá ghleanntáin ghlas' Ghaoth Dobhair.


macsuibhne.com/amhran/