Ineacs

Foclóir

Síle Bheag Ní Chonnalláin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.roisinelsafty.com/roisinelsafty.com/Sile_Bheag.html ]

A Shíle bhán na bpéarlaí, a chéad-shearc nár fhulaing gruaim,
D'fhág tú m'intinn buartha, id' dhiaidhsa ní bheidh mé buan.
Mura dtige tú m'fhéachaint, is éalú liom fá ghleannta cuain,
Beidh cumha is tuirse id' dhiaidh orm, is beidh mo chroí chomh dubh le gual.

Tugtar chughainn na fíonta agus líontar dhúinn an ghloine is fearr,
Mura bhfaighead fhéin cead sínte le mínchnis an bhrollaigh bháin.
A phlúr is gile is is míne ná an síoda is ná clúmhach na n-éan,
Is buartha tuirseach 'bhímse nuair a smaoiním 'bheith 'scarúint léi.

Dhá mbeinnse fhéin is mínchnis caoinmhéar an bhrollaigh bhreá,
I ngleanntán aoibhinn aerach ó thitim oíche go n-éireodh lá,
Gan neach 'bheith 'n ár gcoimhdeacht ach cearca fraoigh nó an coileach feá,
'S go mbeadh greann gan cham im' chroí istigh do Shíle Ní Chonnalláin.


macsuibhne.com/amhran/