Ineacs

Foclóir

Na Táilliúirí 3:37

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Tráthnóna Dé Sathairn,'s mé 'stigh i dtigh óil,
Sa chúinne go seascair is piúnt os mo chomhair.
Do tháinig chugam gasra 's do luíodar ar ól,
A' díol is a' glaoch ar na cártaibh.

Curfá
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ' bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince is Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Bhí duine acu ar leathbhuile is duine acu óg,
Is duine ba shine ná mise go mór.
Do luíodar ar aighneas nuair a dhruid fútha 'n t-ól,
Féachaint cé acu dob oilte mar tháilliúr.

Curfá
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ' bhí i bpáirt ag an dtríúr.
Táilliúr na Geince is Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Do labhair an fear críonna, 'sé an tomhas a chóireodh,
Dá bhfeicfeadh sé duine 'siúl roimis sa ród,
Go gcuirfeadh culaith air ó smigín go bróg
Gan farcadh ná feithleog ar fháithim.

Curfá
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ' bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince is Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Ní gearánta dhuit a dhuine do labhair an fear óg,
Ach ag táilliúirí oilte níl meas ar do shórt.
Mura bhfeicfinn ag an gcúinne don duine ach a chló
Chuirfinn culaith air den bhfaisean is déanaí.

Curfá
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ' bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince is Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Do labhair an fear buile, is fuinneamh 'na ghlór.
"Éistigí" ar seisean,"ná labhraigí níos mó.
Mara bhfeicfinn ach an cúinne 'n ar ghaibh ar fear óg
Chuirfinn culaith air a sheasódh go bás é"!

Curfá
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ' bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince is Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Sár ar rith liomsa an ghloine a bhí agamsa a ól
Do bhuail an fear buile le pleannc an fear óg.
Gloiní ag dul 'na mbplanntracha, a' titim den mbord
Is tiomáineadh ar buile 'n fear tábhairne.

Curfá
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ' bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince is Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

D'éiríos im sheasamh chun réitigh, dar ndóigh
Ach dá mhéid mo chuid saothair, bhíos lán d' fhuil shrón.
Ciceanna teanna a bhí ag éirí dom thóin
Is bhí mo loirgne stractha is gearrtha.

Curfá
Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ' bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince is Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.


macsuibhne.com/amhran/