Ineacs

Foclóir

Dónall Óg

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Is a Dhónaill Óig má théir thar farraige
Tabhair mé féin leat is ná déan dearmad
Ó beidh agat féirín lá aonaigh 'gus margadh
Agus iníon Rí Gréige mar chéile leapa agat.

Gheall tú dhomsa 'gus rinne tú bréag liom
Go mbeitheá romham ag cró na gcaorach
Lig mé fead ort is dhá chéad béiceadh
Ach ní bhfuair mé romham ann ach na h-uain ag méileach.

Nuair a théimse fhéin go Teach an tSuaircis
Suím síos ann ag déanamh buartha
Nuair a fheicim an saol is nach bhfeicim an buachaill
A raibh dealramh an óir bhuí ina chúilín gruaige.

Nuair a théimse fhéin go Tobar Phádraig
Ag tabhairt an turais ar son mo ghrá geal
Níl mo shúil leat inniu ná amáireach
Is a mhúirnín dhílis mo chúig chéad slán leat.

Siúd é an Domhnach a dtug mé grá dhuit
An Domhnach díreach roimh Dhomhnach Cásca
Is tú ar do ghlúine a' léamh na Páise,
Is go raibh mo dhá shúil ag síor-thabhairt grá dhuit.

Thug mé grá dhuit is mé beag bídeach,
Chuir mé barr air is mé mór millteach
Níorbh é sin an grá a thug an chú don chaoile
Ach grá buan daingean nach féidir a scaoileadh.

Tá mo chroíse chomh dubh le h-áirne,
Nó le gual dubh a dhóighfí i gceárta,
Nó le bonn bróige ar hallaí bána,
'S tá lionndubh mór os cionn mo gháire.

Bhain tú thoir is bhain tú thiar dhíom,
Bhain tú romham is bhain tú mo dhiaidh dhíom,
Bhain tú an ghealach gheal 's an ghrian dhíom,
'S is ró-mhór é m'fhaitíos gur bhain tú Dia dhíom.


macsuibhne.com/amhran/