Ineacs
Mullach Cheann Tír'
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Diarmaid Ó Tuama)
Mullach Cheann Tír' an ceobhrán istigh
Ar an ngaoth, 'sé mo mhian
Go mbeidh mé a-choíche ar Mhullach Cheann Tír'.
Fada mo thaisteal trí chóngar is chian
Sléibhte is gleannta is áilleacht gan srian,
Bánta is fásaigh is áilleacht go gléin',
Ach mo chroí-se a-choíche ar Mhullach Cheann Tír'.
Caoirigh sa bhfraoch agus fianna sa ghleann
Spreagann go síoraí na cuimhní im' cheann,
Oícheanta aoibhne san oileáinín thiar
Is mo chroí-se a-choíche ar Mhullach Cheann Tír'.
Gliondar sa tsoineann is cumha sa tsíon,
Smaointe is cuimhní ar shéan is ar léan,
Corraíonn mo chroí-se is meallann mé siar,
Is mo chroí-se a-choíche ar Mhullach Cheann Tír'.
macsuibhne.com/amhran/