Ineacs

Foclóir

Amhrán Mhuínse

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar shléibhte i bhfad ó thír
Is gan aon neach beo i mo ghaobhar ach an raithneach glas is fraoch
An sneachta á shéideadh anuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach díom
Ach mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, is níorbh fhada liom an oíche.

Is a Mhuire dhílis céard a dhéanfas mé tá an Geimhreadh seo a' tíocht fuar
A Mhuire dhílis céard a dhéanfas an teach seo is a bhfuil ann
Dá mba thusa fhéin a d'imeódh agus mise fanacht beo
Nach gcóireoinn do chuid clainne dhuit d'oíche 'gus de ló.

Is gearraigí' amach mo chónra dhom as fíor scoth gheal na gclár
Is má tá Seán Ó hEidhin beo i Muínis bíodh sí déanta óna láimh,
Bíodh mo chaipín is mo ribín geal orm is iad go ró dheas ar mo cheann,
Is tabharfaidh Páidín Mór go Muínis mé nó is garbh a bhéas an lá.

Is dá mbeadh mo chlann sa mbaile agam an oíche a bhfaighfainnse bás
Nach dtórróidís go fiúntach mé trí oíche 'gus trí lá.
Bheadh píopaí fada cailce acu, na ceaigeannaí is iad lán
Is beidh triúr ban óg ó shléibhte a'm le mé a chaoineadh os cionn cláir.

Ag dul siar le hInse Ghainimh dhúinn, beidh an fharraige ag éirí ard
Ná cuiridhi Leitir Caladh mé, mar is ann nach bhfuil mo dhream
Ach cuirigí thiar i Muínis mé áit a gcaoinfear mé go hard,
Beidh soilse ar na dumhchannaí 's ní bheidh uaigneas orm ann.


macsuibhne.com/amhran/