Ineacs

Foclóir

Connlaigh Ghlas an Fhómhair

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.tg4.ie/ie/programmes/amhrain-is-ansa/downloads.html ]

Ar Chonnlaigh Ghlais an Fhómhair a stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig is ba ródheas do leagan siúil
Do ghrua ar dhath na rósaí is do chuirlíní bhí fite dlúith
Monuar gan sinn ár bpósadh ná ar bord loinge ag triall chun siúil.

Tá buachaillí na háite seo ag athrach is ag éirí teann
Is tá locht na gcocaí arda a' déanamh fárais do mo chailín donn
Dá ngluaisfeadh Rí na Spáinne thar sáile is a shlóite cruinn
Arú bhrúifinn féar is fásach is bheinn ar láimh le mo chailín donn.

Gura slán don bhliain anuraidh ní raibh brón orainn 'na déidh ná cumhaidh
Níor ordaigh Dia ná duine dúinn fideal a bheith againn ná cláirseach cheoil
Bhí cuach bheag as Gleann Muilinn ann is ceann beag eile as Contae an Dúin
Sí an ainnir a thug buaidh uilig orthu sí an óigbean í a bhain díom mo chiall.

Ceannach buaibh ar aontaí dá mbínn féin is mo chailín donn
Gluais is tar a chéad searc nó go dté muid thar Ghaoth Beara anonn
Go scartar óna chéile barr na gcraobh is an eala ón toinn.
Ní scarfar sinn ó chéile is níl ach baois ann daoibh á chur in bhur gceann.


macsuibhne.com/amhran/