Ineacs

Foclóir

Tomás Bán Mac Aogáin

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

Is aréir ag tíocht ón tóramh dhom sea dhearc mé stór mo chroí
Mo chreach agus mo chrá mór ní sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá arraing ag góil trasna thríom is í 'g cónaí i lár mo chroí
Is a stór mara dtéigh tú abhaile liom, ní mhairfidh m é beo mí

Is tháinig Tomás Bán ar cuairt orm 's mé in uaigneas liom fhéin
Séard a dúirt sé ná bíodh buaireadh ort ná rud ar bith mar é
Sí do chuilín catach a mharaigh mé is mar gheall ort crochfar mé
' S gur measa liom naoi nuaire thú, ná an mháthairín at á 'n mo dhiadh

Ó is a Thomáis Bháin bí cinnte 's tú searc is rún mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga 'n tsaoil
Crochfar thú go cinnte mara bhfuil ag grásta Dé
' S a dhia nach mór an feall é an planda breá mar é

Is tá cuireadh go Cill Chainnigh orm agus caithfidh mé dhul ann
Beidh ann na seisiúin ceathrún idir Geail agus clanna Gall
Ní dhaorfar ann ach beirt eicint agus crocfar iad mo léan
Mar tá Tomás Bán Mac Aogáin 's Mac Uí Mhaoláin lena thaobh

Ó is a Thomás Bháin Mhic Aogáin sé mo léan thú dhul i gcill
Cé hionadh liom do mhaithrín bocht bheth go brónach in do dhiadh
Dhá mbeithfeá ar leaba an bháis aici cér chás di thú bheith tinn
Ach do chrochadh as na saltrachaí, 's an bháisteach le do dhroim


macsuibhne.com/amhran/