Ineacs

Foclóir

Na cleaganna

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Mícheál Ó Tuama)

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

An bhfacair-se Seán ó bharr a'chnoic
' S é 'r leic a'tinteáin 's é 'rince jig
Do dheineadh sé gleo le cleaganna nó (nua)
A tháinig an treo seo ó Cheann Toirc
Agus ó bheann a'tí, cad é n'bhuairt sin ort.

Do bhíodar 'na mbróga gleoite deas'
Go cluthar compórdach, thar meoin le teas
Níor bhfearra dhuit clúmh mar cneastacht faoi d'bhún (bhonn)
Ná péire breá cúmtha 'cú siúd a bheidh ort,
Agus ó bheann a'tí, cad é n'bhuairt sin ort.

Bhí leigheas na mílte aicíd iontu
Do scaipfeadh gan mhoill liathbhuí nó triuch
Do chuirfeadh chun fáin crampí 'gus fuachtáin
Is mórán eile gearáin ná h-áirím díbh
Agus ó bheann a'tí, cad é n'bhuairt sin ort.

Ní cuileann ná draighean a bhí na'mbann
Ach píosa breá deil a bhí éatrom úr
Bhí teanga bhreá shleamhain do craiceann óg gamhain
Nár gearradh ró ghann, sé mo lom nach liom iad
Agus ó bheann a'tí, cad é n'bhuairt sin ort.

Bhí péire 'cú siúd ag Fionn fadó
' S mó cnoc is sliabh cúm do shiúlaig leo
Is mó cathair do thóg le buille dá bhróig
Do chuirfeadh chun sceoin na slóite fear
Agus ó bheann a'tí, cad é n'bhuairt sin ort.


macsuibhne.com/amhran/