Ineacs
Donnacha Bán
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
()
[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]
Is ar an mbaile seo is ea chonaic sibh an t-ionadh
Ar Donnacha Bán bocht is é dá dhaoradh
Bhí caipín bán air in áit a hata
Agus róipín cnáibe in áit a charabhata
Agus tá mé a' teacht ar feadh na hoíche
Mar a bheadh uainín i measc seilbh mhór chaorach
Mo bhrollach foscailte is mo cheann liom scaoilte
Is cá bhfaighinn mo dheartháirín romhan ach sínte
O chaoin mé an chéad dreas ag gob an locha
An dara dreas ag bun na croiche
An tríú dreas os cionn do choirpse
I measc na nGall is mo cheann dá scoilteadh
Is a Dhonnocha Bháin bhocht a dheartháirín dílis
Is maith atá a fhios agamsa céard a bhain díom thú
Ag ól an chupáin 's ag deargadh an phíopa
Is ag siúl na drúchta le coim na hoíche
Is tá spré Dhonnacha Bána g teacht abhaile
Ní bó ná caoirigh é ná capaill
Ach tobac is píopa agus coinnle geala
Is ní dá mhaíomh é ar lucht a gcaite
Is a mhic Uí Mhutháin, ná raibh do chlann le chéile
Ná do chlann iníon ag iarraidh spré ort
Tá dhá cheann an bhóird folamh is an t-úrlár
Agus Donnacha Bán mo driotháirín sínte
macsuibhne.com/amhran/