Ineacs

Foclóir

Casadh an tSúgán

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.lorcanmacmathuna.com/songbook.html ]

Má bhíonn tú liom bí liom os comhair lán a' tí
Má bhíonn tú liom bí liom de ló geal is d'oích
Má bhíonn tú liom is gur liom gach orlach do chroí
' Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi

Is thíos I Sligeach chuir mé eolais ar na mná
Thiar I ngaillimh d'ól mé leo mo sháith
Dar bhrí mo mhaide mara ligfidh said liom feasta seachas mar atá
Ó déanfaidh mise cleas a bhaineas siúl as na mná

Agus d'imir mise cleas I dteach Uí Dhónaill aréir
' S an dara cleas I dteach a bhí go dlúth lena thaobh
An triú cleas cén mhaith bheith caint gan chríoch a chur le mo scéal
Chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín f éir

Agus tháinig mise isteach I dteach dhá uairín roimh lá
Bhí bean ar meisce ann is cúl a cinn fuithí ar lá
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal go huasal ná go hard
Ach chuir mé cois lena cois nó go casamar an súisín geal bán

Is dá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar phógfaí a béal
Is mara mbeadh nach fada ó bhaile a seolfaí é
Tá iníon na caillí gliobaí, cataí pósta ó aréir
Is má tá ghrá sa mbaile 's gan duine aici a phógfadh a béal

Is cén cat mara chas 'na háite seo mé
Nach iomaí cailín ins an áit a d'fhág mé 'mo dhiadh
Mar gheall ar throid 's ar bhruíon 's ar rud eicínt narbh fhíor
Muise óinseach caillí is iníon aici a bhí gan chiall

'Gur chuirfinn, threabhfainn agus chraithin an síol go domhain sa gcré
Sheolfainn ba sna páirceanna is airde a bhfásann fear
Chuirfinn crú ar an each ba dheise ba lúfar a shiúil ariamh fear
Ach d'éalódh bean le fear nach ndéanfadh é sin fhéin.

Má bhíonn tú liom bí liom os comhair lán a' tí
Má bhíonn tú liom bí liom de ló geal is d'oích
Má bhíonn tú liom is gur liom gach orlach do chroí
' Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi


macsuibhne.com/amhran/