Ineacs

Foclir

Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

[ http://www.mudcat.org/thread.cfm?threadid=13795 ]

Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh an féar
Tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh.
Tiocfaidh mo rún searc le banú an lae,
1)Agus buailfidh sí tiúin suas le cumhaí im' dhiadh.
2)Agus beidh muid ag imeacht le cúnamh Dé

Is óg 's óg a chuir mé dúil i ngreann
Agus dhéanfainn súgradh le mo rún ar faill;
Níl baile cuain ar bith a ngluaisfinn ann,
Nach bhfaighhinn maighdean óg dheas 1) a shiúladh liom. [nó/or] 2) ar bhuidéal rum

Spleoid ar an fharraige mar 's í tá mór,
'S í tá ' gabhail idir mé a's mo mhíle stór,
D'fhág sí ar an bhaile seo mé ag déanamh bróin
'S gan 1)aon tsúil chásta agam a choiche níos mó 2) lena feiceáil a choiche níos mó

Nach deas an cailín í stór mo chroí,
Nach méanar don fhear óg a phósfas í
Tá séan ó Mhuire uirthi agus grá ó Chríost,
Ach mo mhallacht don athair a rinne sclábhaí dí.

Is trua gan mise agus m'ghaoileann bhán,
San áit nírbh eagal dúinn a choiche 'n bás,
I gCúige Laighin ná i mBéal an Átha,
Nó ar bord loinge a' triall go Meiriceá.

Scairt mé aréir ag an doras thall,
Scairt mé arís ar mo ghrá go teann,
'Sé dúirt a daidí liom nach raibh sí ann,
Ná gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn.

Shiúil mé thoir agus shiúil mé thiar,
Shiúil mé Corcaigh agus Baile Átha Cliath.
Shiúil mé an baile seo faoi dhó le bliain,
Ag iarraidh mo stóirín ' bhain díom mo chiall.


macsuibhne.com/amhran/