Ineacs
Sin an Saol
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Paddy Furlong)
Is minic cúrsaí amscaí i gcóngar is i gcéin;
Fós ná héirigh buartha Sin an saol!
Na bealaí móra pollta, na cosáin tá siad caol;
Ná déan buairt ná imní Sin an saol!
Curfá:
Sin an saol! Sin an saol! Sin an saol! Sin an saol!
Ná déan buairt ná imní Sin an saol!
Fear amháin tá díreach, fear eile tá sé claon;
Éireoidh grian amárach Sin an saol!
Seal i mbarr na sláinte, seal eile fós i bpéin
Nach iontach fós bheith beo seal Sin an saol!
Curfá:
Sin an saol! Sin an saol! Sin an saol! Sin an saol!
Nach iontach fós bheith beo seal Sin an saol!
macsuibhne.com/amhran/