Ineacs

Foclóir

An DreoilĂ­n

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Sean Monaghan)

Ă“, mo dhreoilĂ­n,
Ă“, mo dhreoilĂ­n,
Ite ag an gcat, [gcut]
Fuil ar a smut,
'S gan fágtha a'm ach cnáimhín. [fágthaí]

Dúidín dáidín,
An ruidín deas a chaill mé,
Go lige Dia na nGrásta,
Go bhfaighidh mé aríst é. [bhfuí]

Scéilín faoi mo dhreoilín,
Is di do shil mé deoirín,
Nuair a bhfuail an cat Ă­,
Is thit sĂ­ sĂ­os Ăłn ard.

Cibé cén mí-ádh aisteach
A tháinig uirthi taisteal,
Cé [a] chreidfeadh go bhféadfadh sí bás [a] fháil,
Is mé [i] m[o] sheasamh lena taobh.

Mar [a] bheadh cineál magnet ann,
Is ábhar iontais aigne dhom,
An chaoi ar fhág sí an rata,
Is léim sí i mo threo.

An rud is annamh is iontach,
Mar a léim sé ina thintreach,
Thug sé sceilp dá chrúb di,
'S nĂ­ raibh fhios aici nĂ­os mĂł.

CiĂşnas binn Ăłn Ă©inĂ­n,
'S gan inti ach méid mo mhéirín,
Mar [a] bheadh Ă©inĂ­n DĂ© ann,
Is Ă­ imithe suas ar Neamh. [imĂ­]

Sin é críoch mo scéilín,
Scéilín faoi mo dhreoilín,
An chaoi ar ith an cat Ă­
'S nár fhág sé a'm ach cnámh.


macsuibhne.com/amhran/