Ineacs
Cois Abhainn an Ohio
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(Pádraig Ua Maoileoin)
D'iarr mé uirthi teacht liom ag siúl,
Teacht liom go fóillín 's dul ag siúl,
Síos mar a sníonn na huiscí leo
Síos cois abhainn an Ohio.
Ná habair liúm nach tú mo ghrá
Le fear eile gan fhios do chách,
Thíos mar a sníonn na huiscí leo
Thíos cois abhainn an Ohio.
Luigh sí isteach faoi scamall grá
Is rop mé scian faoina bráid.
"Ó, a Liam," a dúirt sí, "tabhair dom spás,
Mar nílim réidh i gcomhair lá mo bháis."
Abhaile liom idir a haon is a dó:
Ó, a Dhia le m'anam, cad seo? Cad seo?
Mo chailín bán is í a shá le scian
Is gan aon bhean eile agam inniu ná riamh.
macsuibhne.com/amhran/