Ineacs

Foclóir

Dónall Óg

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

A Dhónaill Óig, is tú pór na ngaiscíoch
Do chúl buí daite na n-ór buí snoite
Is iomaí cor is lúb in do chúl a ghaisce
Is tá grá na mná óga in do chófra i dtaisce
Tá mo ghrása ar thóin an Lagáin
Is ba ghile a thaobh ná aol i gcaisleán
Ba ghlaise a shúil ná drúcht in Aibreán
Is bhí boladh na n-úllaí go cumhra ar a anáil
A Dhónaill Óig, má théann tú thar farraige
Tabhair mé féin leat is ná déan dom dearmad
Gheobhaidh tú féirín lá aonaigh is margaidh
Is beidh iníon Rí Gréige ina céile leapa agat
Bhain tú thoir agus bhain tú thiar dom
Bhain tú an ghealach gheal agus bhain tú an ghrian dom
Bhain tú an croí istigh i lár mo chléibh dom
Is nach rómhór m'eagla gur bhain tú Dia dom


macsuibhne.com/amhran/