Ineacs
ThÃos Cois na Trá Domh
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
()
Ag siúl cois na trá domh i ndoimhneacht na hoÃche,
An saol mór na gcodladh agus mise liom féin,
Na héanacha mara ag scairtigh go léanmhar,
Cosúil le hanamnacha bochta i bpéin.
ThÃos fán chladach tá na bádaà ar feistiú,
Ar snámh mar bheadh ealaà ar bharr na dtonn,
An t-uisce ag slioparnaigh thart fána dtaobhann',
'S iad ag bogadh sa chiúnas anall a's anonn.
Iomlán gealaà agus iomlán rabhartá,
Aoibhneas a's ciúnas a's áilleacht sa domhan,
Crónán na farraige 'dul siar i mo chluasa,
A's bogcheol an uisce ag sileadh san abhainn.
Istigh ar na hinseáin tá seanreilig bheannaithe,
An áit ar mhair naoimh insan aimsir fadó,
Tá daoine istigh ann a chaith seal go haerach,
Ach nà shiúlfaidh siad thart fá na cladaigh nÃos mó.
Bhuail uaigneas m'intinn 's mé ag amharc ar an reilig,
Mé ag meabhrú ar dhaoine a bhà istigh ina luÃ,
Fir a's mná óga, seandaoine a's páistÃ,
Muintir mo mhuintir agus cairde mo chroÃ.
Tá na coiligh ag glaoch 's tá na réalta a' bánú,
Tá an ghealach ina luà agus nà fada go lá,
Slán agat anois a sheanreilig bheannaithe,
Agus ag na daoine a shiúladh liom thart cois na trá.
macsuibhne.com/amhran/