Ineacs

Foclóir

SĂ©amas Mac Murchaidh

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

()

A Shéamuis Mhic Mhurchaidh, a chaoinmharcaigh uasail,
A phlanda den fhĂ­orthreibh a shĂ­olraigh Ăł uaislibh;
Is cosúil nach gcuala tú go raibh do ghaoltaí 'á ruaigeadh,
Nuair nár éalaigh tú san oíche sular díoladh faoi do luach thú.

Tá mé inniu in Ard Mhacha agus is fuar liom mo ghéibheann,
Is iad mo chomharsa lucht mo chéasta agus is nimh liom a bpléisiúr
Is nĂ­ thuigeann siad mo chanĂşint nuair nach labhraim leo BĂ©arla;
Ach is í m'ansacht an bhean dubh atá i ngleanntán an tsléibhe.

A Mhailí mhín mhómhar, má d'ordaigh tú an bás domh,
Triall chun mo thórraimh agus cóirigh faoi chlár mé;
Más mian leatsa mo phósadh agus mo chroíse bheith ar láimh leat,
Fill arís agus tabhair póg domh is beidh mo chroí go lántsásta.

Triallfaidh mo thórramh tráthnóna Dé hAoine,
Agus ar maidin DĂ© Domhnaigh frĂ­d na bĂłithre 'gos Ă­seal,
Tiocfaidh Neillí agus Nóra agus ógmhná na tíre,
Is beidh mé ag éisteacht lena nglórthaí faoi na fóide is mé sínte.


macsuibhne.com/amhran/