Ineacs
Peigín 's Peadar
YouTube
-=- DuckDuckGo
-=- Yahoo
-=- Ceol ABC Midi
-=- Mudcat
-=- TheSession.org
(A Pheigín Mo Chroí)
"A Pheigín na gcarad 's a Pheigín mo chroí,
Cé hé an fear fada údan sínte leat síos?"
Curfá:
Ó a hó, a mhaithín ó, ó a mhaithín ó, a stóirín mo chroí.
"A Pheadair na gcarad 's a Pheadair mo chroí,
Sin é do leanbh nach bhfaca tú riamh."
Curfá
"Muise shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar,
Ach féasóg ar leanbh ní fhaca mé riamh!"
Curfá
"Muise a Pheadair na gcarad 's a Pheadair mo chroí,
Tá scór bliain caite ó d'fhág tú mo thí."
Curfá
"A Pheigín na gcarad 's a pheigín mo chroí,
Éirigh i do sheasamh 'gus réitigh greim bídh."
Curfá
"Ach a Pheadair na gcarad 's a Pheadair mo chroí,
Níl ins an teach agam greim mine buí."
Curfá
"'S a Pheigín na gcarad 's a pheigín mo chroí,
In íochtar mo mhála tá cáca mine buí."

Tá an cáca seo a'at lán de ghineachaí buí."
Curfá
"'S a Pheigín 's a mhaicín suífidh muid síos,
Ní fhágfad an baile chúns mhairfeas mé arís."

macsuibhne.com/amhran/