Ineacs

Foclóir

Buachaill ón Éirne

YouTube -=- DuckDuckGo -=- Yahoo -=- Ceol ABC Midi -=- Mudcat -=- TheSession.org

(Traidisiúnta)

Buachaill ón Éirne mé 's bhréagfainn féin cailín deas óg;
Ní iarrfainn bó spré léi tá mé féin saibhir go leor;
'S liom Corcaigh, dá mhéad é, dhá thaobh an ghleanna 's Tír Eoghan,
'S mura n-athraí mé béasa 's mé 'n t-oidhir ar Chontae Mhaigh Eo.

Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise riamh,
Ach ag imirt 's ag ól le hógmhná deasa ón sliabh.
Má chaill mé mo stór ní móide gur chaill mé mo chiall,
Is ní mó liom do phóg ná 'n bhróg atáim a' caitheamh le bliain.

A chuisle ' a stór, ná pós an seanduine liath,
Ach pós an fear óg, mo leo, mura maire sé ach bliain;
Nó beidh tú go fóill gan ó nó mac os do chionn
A shilfeadh aon deoir ort tráthnóna nó 'r maidin go trom.


macsuibhne.com/amhran/